Listen "Michael Cronin: An Ghaeilge & An Éiceolaíocht"
Episode Synopsis
Is é Míchael Cronin an t-aoi speisialta den eagrán nua seo ón chaint a thug sé i nGael-Ionad Mhic Goill le linn Féile an Phobail in 2023 le fear an tí Eoghan Ó Garmaile, oibrí le Glór na Móna. Tá an chaint dírithe ar leabhar Mhíchael darbh ainm An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht agus labhair sé faoin nasc daingean atá eatarthu agus an dóigh ar chaill muid cuid dár nasc leis an timpeallacht nuair a chaill muid an Ghaeilge agus an géarghá leis an bheirt a shábháil.Is léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus is údar trí mhonagraf déag, comheagarthóir ar sheacht gcnuasach a cuireadh in eagar agus údar bhreis agus 150 alt measúnaithe agus caibidil leabhair é Michael Cronin. Aistríodh a shaothar go sé theanga dhéag. I measc a shaothair fhoilsithe tá, Across the Lines: travel, language, translation in 2000, Translation and Globalization in 2006 agus Translation and Identity in 2006 chomh maith. Bainigí sult.
More episodes of the podcast Glórtha Ciotacha | Awkward Voices
Clare Daly & Bernadette McAliskey
19/03/2025
Siobhán McCallin
27/11/2024
Bernadette McAliskey
16/07/2024
Roseleen Walsh & Rosie McCorley
14/06/2024
Fergus Ó hÍr
20/03/2024
Mansoor Adayfi: Close Guantánamo!
19/02/2024